Europol (Amendment) Act 2006

Type Act
Publication 2006-12-23
State In force
articles 19
Reform history JSON API

“3. Ar a shon sin, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil, a chinneadh, tar éis don Bhord Bainistíochta an cheist a phlé, leasú a dhéanamh ar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo trí shaghsanna eile coirpeachta tromchúisí idirnáisiúnta a chur léi nó trí na sainmhínithe atá inti a mhodhnú.”

23) Leasaítear an Iarscríbhinn mar a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

IARSCRÍBHINN dá dtagraítear in Airteagal 2

Liosta de shaghsanna eile coirpeachta tromchúisí idirnáisiúnta a bhfuil Europol inniúil chun déileáil leo de bhreis orthu siúd dá bhforáiltear cheana in Airteagal 2(1) agus ag urramú chuspóir Europol mar atá sé sonraithe in Airteagal 2(1):”

(b) Scriostar an mhír dar tosach “Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 2(2)”.

(c) Sa mhír dar tús “Maidir leis na saghsanna coirpeachta atá liostaithe in Airteagal 2(2)”, cuirtear “Airteagal 2(1)” in ionad “Airteagal 2(2)”.

(d) Cuirtear an fhleasc seo a leanas i ndiaidh na bhfocal “a síníodh in Strasbourg ar an 8 Samhain 1990.”:

“— ciallaíonn “gáinneáil neamhdhleathach drugaí” na cionta coiriúla atá liostaithe in Airteagal 3(1) de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 20 Nollaig 1988 i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha agus sna forálacha ag leasú an Choinbhinsiúin sin nó ag gabháil a ionaid.”

24) In Airteagal 10(1) agus (4), Airteagal 18(2), Airteagal 29(1), Airteagal 29(6), Airteagal 30(3), Airteagal 31(1), Airteagal 35(5) agus (9), Airteagal 36(3), Airteagal 40(1), Airteagal 41(3), Airteagal 42(2) agus Airteagal 43(1), scriostar “i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach”.

AIRTEAGAL 2

1.

Déanfaidh na Ballstáit an Prótacal seo a ghlacadh i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

2.

Cuirfidh na Ballstáit in iúl d’Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh go bhfuil na nósanna imeachta chun an Prótacal seo a ghlacadh comhlánaithe acu.

3.

Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm nócha lá tar éis don fhógra dá dtagraítear i mír 2 a bheith tugtha ag an Stát sin ar Bhallstát den Aontas Eorpach é ar dháta na Comhairle do ghlacadh an Ghnímh ag bunú an Phrótacail seo arb é Stát is déanaí é chun an fógra sin a thabhairt.

AIRTEAGAL 3

Má thagann an Prótacal seo i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 2(3) roimh theacht i bhfeidhm don Phrótacal arna tharraingt suas ar bhonn Airteagal 43(1) den Choinbhinsiún maidir le hOifig Eorpach Póilíní a bhunú (Coinbhinsiún Europol), a leasaíonn Airteagal 2 agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin [^1], i gcomhréir le hAirteagal 2(3) de, measfar go bhfuil an Prótacal deireanach sin aisghairthe.

AIRTEAGAL 4

1.

Beidh aontachas leis an bPrótacal seo ar oscailt d’aon Stát a thagann chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach más rud é nach bhfuil sé tagtha i bhfeidhm ar dháta na hionstraimí aontachais do Choinbhinsiún Europol de bhun Airteagal 46 de Choinbhinsiún Europol a thaisceadh.

2.

Taiscfear na hionstraimí aontachais don Phrótacal seo go comhuaineach leis na hionstraimí aontachais do Choinbhinsiún Europol de bhun Airteagal 46 den Choinbhinsiún sin.

3.

Is téacs údarásach téacs an Phrótacail seo i dteanga an Bhallstáit aontaigh, arna tharraingt suas ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.

4.

Mura mbeidh an Prótacal seo tagtha i bhfeidhm fós ar an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 46(4) de Choinbhinsiún Europol a dhul in éag, tiocfaidh sé i bhfeidhm don Bhallstát aontach ar dháta an Prótacal seo a theacht i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 2(3).

5.

Má thagann an Prótacal seo i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 2(3) roimh an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 46(4) de Choinbhinsiún Europol a dhul in éag ach tar éis an ionstraim aontachais a thaisceadh dá dtagraítear i mír 2, aontóidh an Ballstát aontach do Choinbhinsiún Europol mar atá arna leasú leis an bPrótacal seo, i gcomhréir le hAirteagal 46 de Choinbhinsiún Europol.

AIRTEAGAL 5

1.

Is é Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh taiscí an Phrótacail seo.

2.

Foilseoidh an taiscí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh na fógraí, na hionstraimí agus na cumarsáidí a bhaineann leis an bPrótacal seo.

Dá fhianú sin, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe a lámh leis an bPrótacal seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an seachtú lá is fiche de Shamhain sa bhliain dhá mhíle is a trí, i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Danmhairgis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, san Ollainnis, sa Phortaingéilis, sa Spáinnis agus sa tSualainnis, agus comhúdarás ag na téacsanna in ngach ceann de na teangacha sin; déanfar an scríbhinn bhunaidh sin a thaisceadh i gcartlann Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

(Sínithe na Lánchumhachtach)

5 Short title.

5.— This Act may be cited as the Europol (Amendment) Act 2006.

This document does not substitute the official text published in the Irish Statute Book. We accept no responsibility for any inaccuracies arising from the transcription of the original into this format.

This text is published under Irish Statute Book's own terms of reuse, not a Legalize or public-domain licence. Irish Statute Book
CC-BY 4.0 (Oireachtas Open Data PSI Licence)
Contains Irish Public Sector Information licensed under the Oireachtas (Houses of the Oireachtas) Open Data PSI Licence / Creative Commons Attribution 4.0 International, sourced from https://www.irishstatutebook.ie.